Tá maitheas le baint as smaointe dearfacha

is fearr dea-thoil ná droch-chomhairle

Nuair a bhí mé i mo chailín óg, ba mhian liom fáil réidh le mo chuid spéaclaí. Frámaí plaisteacha a bhí saor in aisce ón tSeirbhís Náisiúnta Sláinte a bhí iontu agus chaith mé ar feadh blianta iad. Smaoinigh ar Dame Edna Everage agus tá tú chóir a bheith ann.

Tuigim go raibh an t-ádh liom gurbh í sin an chloch ba mhó ar mo phaidrín ach b’fhuath liom iad.

Rinne mé iarrachtaí an fhadhb a réiteach. D’iarr mé ar mo thuismitheoirí spéaclaí faiseanta a cheannach dom i ndiaidh gur “cailleadh” péire ó am go chéile. Ba chuma, bhíodh péire gránna eile i gcónaí ag an radharceolaí.

Thuig mé go mbeadh orm modhanna difriúla a thriail chun mo sprioc a bhaint amach. Dúirt mé paidreacha, thrasnaigh mé mo mhéara. I ndiaidh gach iarrachta, bhí an fhadhb go fóill os comhair mo dhá shúl. Níos moille anonn, d’aimsigh mé réiteach – cheannaigh mé lionsaí tadhail nuair a fuair mé post páirtaimseartha. Thuig mé rud eile faoin saol ansin: gurbh fhearr dul i ngleic le rud as do stuaim féin in áit a bheith ag fanacht le míorúiltí.

READ MORE

Bíonn ár gcuid spriocanna pearsanta againn uilig: bíodh sé post úr a fháil, grágheal ár saoil a aimsiú, féinmhuinín a ardú, nó an crannchur a bhaint. Sna laethanta seo, tá teoiric síceolaíochta á moladh do bheagnach gach aon sprioc a bheadh agat.

Dá gcreidfeá gach rud a léifeá, thiocfadh leat leabhar féinchabhrach a cheannach ag tús an lae agus fadbhanna do shaoil a réiteach roimh am lóin ar an lá céanna. Tá dóchas le fáil i gcuid de na teoiricí agus ceapaim gur maith an rud é dearcadh dearfach a chothú ionainn féin chun déileáil le dúshláin an tsaoil.

Tá tionscadal rí-luachmhar i gceist le litríocht féinchabhrach. Ach bím ag cur ceist orm féin má bhíonn na leabhair chomh cuidiúil agus é chomh furasta do shaol a athrú, cad chuige a ndéanann an margadh rud mór den chéad leabhar eile chun “an réiteach” a fháil?

Feictear dom go dtugann cuid de na teoiricí neamhréalaíocha le fios nach bhfuil gá le hiarracht cheart a dhéanamh chun sprioc a bhaint amach.

Tá trí dhearcadh a gcuirim suim ar leith iontu: amharcléiriú (visualisation); béim a chur ar an am i láthair; agus gan a bheith gafa le gearáin bheaga. Is teicnic shuimiúil síceolaíochta é amharcléiriú; molann sé dúinn íomhá dhearfach den sprioc atá againn a choinneáil inár n-intinn. Deirtear go gcuidíonn sé go mór le lucht spóirt agus go bhfuil fiúntas ann mar theicnic bhreise i bplean traenála ar bith.

Mar sin féin, thiocfadh leis an teoiric seo a bheith neamhréalaíoch muna bhfuil agat ach íomhá. Abair gur mhaith liom a bheith i mo chócaire cumasach. Dar leis an teoiric seo, dá gcruthóinn íomhá mheabhrach de shiopa beag álainn, lán go doras le cístí cupa agus go gcoinneoinn an íomhá ar intinn, go n-éireodh liom.

Ach an amhlaidh é mura dtuigfinn an difríocht idir púdar bácála agus púdar curaí? Is dócha go bhfuil sé intuigthe go mbeadh na scileanna cuí de dhíth chun an sprioc a bhaint amach ach creidim go bhfuil daoine ina suí i seomraí beaga dorcha lena súile dúnta ag fanacht le Gradam Grammy agus gan ceol ar bith acu.

Teoiric dheas a thaitníonn go mór liom ná a bheith beo san am i láthair. Ar ndóigh, níl an dara rogha againn a bheith beo in am ar bith eile ach aontaím le tacadóirí na teoirice seo, go bhfuil cumhacht le haimsiú trí bhéim a chur ar an lá ina bhfuil muid beo.

Is cinnte gur féidir linn cuid mhaith a chur i gcrích má smaoinímid ar gach aon lá mar dheis chun tabhairt faoi spriocanna ár saoil. Dar leo, is cur amú ama é a bheith buartha faoi na heachtraí atá thart agus ní fiú a bheith ag smaoineamh faoi thodchaí samhailteach.

Sílim go bhfuil fiúntas sa tríú teoiric – gan a bheith buartha faoi na rudaí beaga. Is léir ón chéad pharagraf go mbím féin ciontach sa chás seo.

Ní féidir neamhaird a thabhairt ar fhadbanna móra an tsaoil ach moltar gan barraíocht ama a chaitheamh ar mhionargóintí an lae nó ar rudaí nach dtiocfadh linn athrú.

Nuair a amharcann tú ar na teoiricí éagsúla síceolaíochta a bhaineann le féinfheabhsú is léir nach dtagann siad uilig lena chéile. Creidim féin go bhfuil trí rud de dhíth chun spriocanna an tsaoil a bhaint amach: díograis, ádh agus foighne.

B’fhéidir nach bhfuil ábhar leabhair sa mhéid sin ach bíonn blas ar an bheagán.